Gliogáil anseo le Silverlight a shuiteáil.*
IrishAthraigh|Gach Láithreán Microsoft
Microsoft
Download Center 
Cuardaigh
Ardchuardach

Microsoft Office Language Interface Pack 2010 – Gaeilge

Tuairisc Thapa
Cuireann Microsoft Office Language Interface Pack 2010 – Gaeilge comhéadan úsáideora Gaeilge ar fáil le haghaidh go leor de na ríomhchláir Microsoft Office 2010.

Ar an Leathanach seo

Mionsonraí Tapa
Leagan:1
Dáta Foilsithe:16/03/2011
Teanga:Gaeilge
Méid na hÍoslódála:213 KB - 34.6 MB*
*Braitheann méid na híoslódála ar chomhchodanna roghnaithe íoslódála.

Athraigh Teanga:
  

Forbhreathnú

Cuireann Microsoft Office Language Interface Pack 2010 – Gaeilge comhéadan úsáideora Gaeilge ar fáil le haghaidh:
  • Microsoft Office Excel 2010

  • Microsoft Office OneNote 2010

  • Microsoft Office Outlook 2010

  • Microsoft Office PowerPoint 2010

  • Microsoft Office Word 2010

 Barr an leathanaigh

Riachtanais Chórais

  • Córais Oibriúcháin a dTacaítear leo: Windows 7; Windows Vista; Windows XP
  • Bogearraí atá de dhíth: Sraith nó cóip neamhspleách ar bith de Microsoft Office 2010 ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na feidhmchláir seo a leanas: Excel, OneNote, Outlook, PowerPoint nó Word.
  • Spás atá ag teastáil ar an diosca: Chomh maith leis an spás ar an diosca crua atá in úsáid ag ríomhchláir Office 2010 atá suiteáilte faoi láthair, tá 20 meigibheart (MB) de spás inúsáidte ar an diosca crua ag teastáil.

 Barr an leathanaigh

Treoracha

Chun an íoslódáil seo a shuiteáil:
  1. Suiteáil an comhad LanguageInterfacePack.exe trí chliceáil ar an gcnaipe Íoslódáil (thuas) agus an comhad a shábháil ar do dhiosca crua.
  2. Cliceáil faoi dhó ar an gcomhad ríomhchláir LanguageInterfacePack.exe ar do dhiosca crua chun an ríomhchlár Suiteála a thosú.
  3. Lean na treoracha ar an scáileán chun an tsuiteáil a chur i gcrích.
  4. Chomh luath agus a bheidh sé suiteáilte, beidh an comhad LéighMé don Microsoft Office 2010 Language Interface Pack le fáil ag C:\Comhaid ríomhchláir\Common Files\microsoft shared\OFFICE14\LCID\LIPread.htm
  5. Ní thacaítear le huasghrádú ar Office 2007 le Office 2007 Language Interface Pack nó uasghrádú ar leagan roimh Office 2010 le Office 2010 Language Interface Pack. Más mian leat an bunleagan de Office 2007 atá suiteáilte agat a uasghrádú go Office 2010 le Office 2010 Language Interface Pack, ba chóir duit an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • Díshuiteáil Office 2007 Language Interface Pack
    • Rith suiteáil Office 2010 agus pioc an rogha 'uasghrádaigh'.
    • Agus suiteáil Office 2010 curtha i gcrích, suiteáil agus cumraigh Office 2010 Language Interface Pack


    • Ag gníomhachtú do tháirge Office:
    • Má tá fadhbanna agat an Cód Suiteála iomlán a léamh ar an dialóg "Microsoft Office Activation Wizard", nó más rud é nach dtaispeántar an cód suiteála iomlán i gceart agus tú ag úsáid do Microsoft® Office Language Interface Pack 2010, cealaigh an draoi le do thoil agus athraigh chuig do tháirge Béarla chun do tháirge Microsoft Office a ghníomhachtú.


Treoracha úsáide:

Chun do Chomhéadan Úsáideora a athrú chuig teanga an Microsoft Office Language Interface Pack 2010 – Gaeilge, lean na treoracha seo a leanas:

  1. Lainseáil Sainroghanna Teanga Microsoft Office 2010 ón roghchlár Tosaigh\Gach Ríomhchlár\Microsoft Office\Uirlisí Microsoft Office.  
  2. Faoi Roghnaigh Teangacha Taispeána agus Cabhrach, faoi Teanga Taispeána roghnaigh an teanga atá uait agus cliceáil ar an gcnaipe Socraigh mar Réamhshocrú.  
  3. Faoi Roghnaigh Teangacha Eagarthóireachta, roghnaigh an teanga atá uait agus cliceáil ar an gcnaipe Socraigh mar Réamhshocrú.  
  4. Cliceáil ar an gcnaipe OK.  

Tiocfaidh na socruithe teanga atá roghnaithe agat i bhfeidhm an chéad uair eile a thosóidh tú d'fheidhmchláir Office.
Tabhair faoi deara: Ní féidir an Chabhair a athrú chuig an teanga sa Microsoft Office Language Interface Pack 2010–Gaeilge. Beidh an Chabhair fós sa teanga den tsuiteáil bhunaidh i gcónaí.
Socraigh do chabhair taispeána sa liosta anuas mar an bhunteanga i gcónaí.

Chun an íoslódáil seo a bhaint:
    Lean na treoracha seo a leanas i Windows XP Leagan Home nó Professional:
  1. Scoir de gach ríomhchlár.
  2. Cliceáil faoi dhó ar an deilbhín Cuir Isteach nó Bain Ríomhchláir i bPainéal Rialúcháin Windows.
  3. Cliceáil ar Microsoft Office Language Interface Pack 2010 sa bhosca Ríomhchláir atá suiteáilte faoi láthair, ansin cliceáil ar an gcnaipe Bain.  
  4. Lean na treoracha ar an scáileán.

    Lean na céimeanna seo a leanas i Windows Vista nó Windows 7:
  1. Scoir de gach ríomhchlár.
  2. Cliceáil faoi dhó ar an deilbhín Ríomhchláir agus Gnéithe i bPainéal Rialúcháin Windows.
  3. Faoin rogha Díshuiteáil nó Athraigh Ríomhchlár, cliceáil ar Microsoft Office Language Interface Pack 2010 – Gaeilge sa bhosca Ríomhchláir atá suiteáilte faoi láthair, ansin pioc an rogha Díshuiteáil.  
  4. Lean na treoracha ar an scáileán.



Mura bhfuil tú ábalta amharc ar inneachar an chomhaid CHM tar éis é a íoslódáil, is féidir leat na treoracha seo a leanas a leanúint chun amharc ar an inneachar:
  1. Oscail an fillteán inar íoslódáil tú an comhad CHM.
  2. Deaschliceáil ar an CHM agus roghnaigh 'Airíonna' ón roghchlár.
  3. Cliceáil ar an gcnaipe 'Bain bac de' ar an táb 'Ginearálta', ansin cliceáil ar an gcnaipe 'OK'.
  4. Cliceáil faoi dhó ar an gcomhad CHM, agus ansin beidh tú ábalta a inneachar a fheiceáil.

 Barr an leathanaigh

Comhaid san Íoslódáil seo

Freagraíonn na naisc sa rannóg seo do chomhaid ar leithligh atá ar fáil san íoslódáil seo. Íoslódáil na comhaird is oiriúnaí duitse.
Ainm Comhaid:Méid an Chomhaid

languageinterfacepack-x64-ga-ie.exe

18.0 MB

languageinterfacepack-x86-ga-ie.exe

16.5 MB

O14LipHelp-ga-ie.chm

213 KB

 Barr an leathanaigh

 Barr an leathanaigh

Na Comhaid a mBíonn Daoine Eile á nÍoslódáil

Na Daoine Eile a d'ÍoslódáilMicrosoft Office Language Interface Pack 2010 – Gaeilge d'íoslódáil siad freisin:
  1. Uirlisí Profála Microsoft Office 2013 - Gaeilge

 Barr an leathanaigh


©2013 Microsoft Corporation. All rights reserved. Déan Teagmháil Linn |Terms of Use |Trademarks |Privacy & Cookies