Le hUirlisí Profála Microsoft Office is féidir eagarthóireacht a dhéanamh i dteangacha breise.
Note:There are multiple files available for this download.Once you click on the "Download" button, you will be prompted to select the files you need.
proofingtools_ga-ie-x86.exe
proofingtools_ga-ie-x64.exe
An bhfuil fonn ort an litriú a sheiceáil do theanga nár shuiteáil Office go huathoibríoch? Tá tú san áit cheart. Faightear tacar iomlán na n-uirlisí profála atá ar fáil do Office sa teanga seo in Uirlisí Profála Microsoft Office. Ní gá ach Office a shuiteáil agus a atosú, agus tá na huirlisí profála le haghaidh do theanga réidh.
Córais Oibriúcháin a dTacaítear leo:
Windows 7; Windows 8; Windows Server 2008 R2
Oibríonn an íoslódáil seo leis na ríomhchláir seo a leanas:
Microsoft Office Excel 2013
Microsoft Office OneNote 2013
Microsoft Office Outlook 2013
Microsoft Office PowerPoint 2013
Microsoft Office Word 2013
Chun an íoslódáil seo a shuiteáil:
Suiteáil na huirlisí profála:
- Íoslódáil an comhad trí chliceáil ar an gcnaipe 'Íoslódáil' (thuas) agus an comhad a shábháil chuig do dhiosca crua.
- Rith an ríomhchlár suiteála.
- Ar an leathanach Léigh Téarmaí Ceadúnais Bhogearraí Microsoft, féach ar na téarmaí, roghnaigh an ticbhosca "Cliceáil anseo chun glacadh le Téarmaí Ceadúnais Bhogearraí Microsoft", agus ansin cliceáil ar 'Lean ar aghaidh'.
- Ritear an draoi suiteála agus suiteálann sí na huirlisí profála.
- Nuair a bheidh an tsuiteáil críochnaithe, atosaigh d'fheidhmchláir Office.
Treoracha úsáide: Ní gá ach na huirlisí profála a úsáid mar a dhéanfá de ghnáth - ba chóir go mbeifeá in ann iad a fheiceáil anois don teanga atá díreach suiteáilte agat. Mar shampla, is féidir leat do theanga profála a shocrú chuig an teanga nua chun seiceáil litrithe a úsáid (má tá fáil uirthi) - le foghlaim conas é sin a dhéanamh, féach Athraigh idir theangacha éagsúla tríd an teanga phrofála a shocrú (seans go bhfuil an téacs seo ar fáil i mBéarla).
Chun an íoslódáil seo a bhaint:
- Ar an roghchlár 'Tosaigh', pointeáil ar 'Socruithe' agus ansin cliceáil ar an bPaineál Rialacháin.
- Cliceáil faoi dhó ar 'Cuir leis/Bain ríomhchláir'.
- Sa liosta de na ríomhchláir atá suiteáilte faoi láthair, roghnaigh Uirlisí Profála Microsoft Office 2013 - Gaeilge agus cliceáil ansin ar 'Díshuiteáil', 'Bain', nó 'Cuir leis/Bain'. Má thaispeántar bosca dialóige, lean na treoracha chun an ríomhchlár a bhaint.
- Cliceáil ar 'Tá' nó ar 'OK' le deimhniú go bhfuil fonn ort an ríomhchlár a bhaint.