Le pacáistí teanga féadtar suíomhanna agus bailiúcháin suíomhanna a chruthú i dteangacha éagsúla gan gá le suiteálacha ar leith de SharePoint Foundation 2010
SharePointLanguagePack_SP2_ga-ie.exe
Le pacáistí teanga féadtar suíomhanna agus bailiúcháin suíomhanna a chruthú i dteangacha éagsúla gan gá le suiteálacha ar leith de SharePoint Foundation 2010. Féadtar ilphacáistí teanga a shuiteáil ar an bhfreastalaí céanna. Má chuirtear pacáiste teanga i bhfeidhm, ní athrófar teanga an táirge freastalaí Microsoft suiteáilte, nó teanga na ngnéithe riaracháin.
Nótaí
- Ní gá duit pacáiste teanga a íoslódáil le haghaidh na teanga a shuiteáil tú; is chun tacú le teangacha breise a chruthú na pacáistí teanga seo.
Córais Oibriúcháin a dTacaítear leo:
Windows Server 2008 R2; Windows Server 2008 Service Pack 2; Windows Server 2012
-
Oibríonn an íoslódáil seo leis na cláir seo a leanas:
- SharePoint Foundation 2010
Leis an íoslódáil seo a shuiteáil:
Suiteáil pacáiste teanga:
- Íoslódáil an comhad trí chliceáil ar an gcnaipe ‘Íoslódáil’ (thuas) agus an comhad a shábháil ar do dhiosca crua.
- Rith an clár suiteála.
- Ar an leathanach Léigh Téarmaí Cheadúnas Bogearraí Microsoft, déan athbhreithniú ar na téarmaí, roghnaigh an ticbhosca 'Glacaim le téarmaí an chomhaontaithe seo', agus ansin cliceáil ar ‘Lean’.
- Ritheann an draoi suiteála agus suiteálann an pacáiste teanga.
- Rith Draoi Cumraíochta SharePoint Products and Technologies arís, ag baint úsáide as na socruithe réamhshocraithe.
Tabhair faoi deara: Mura ritheann tú Draoi Cumraíochta SharePoint Products and Technologies tar éis duit pacáiste teanga a shuiteáil, ní shuiteálfar an pacáiste teanga i gceart.
Rith Draoi Cumraíochta SharePoint Products and Technologies arís:
- Cliceáil ar ‘Tosaigh’, dírigh ar ‘Gach ríomhchlár’, dírigh ar 'Táirgí Microsoft SharePoint 2010', agus ansin cliceáil ar 'Draoi Cumraíochta SharePoint Products and Technologies'.
- Ar an leathanach Fáilte chuig SharePoint Products and Technologies, cliceáil ar ‘Ar aghaidh’.
- Cliceáil ar ‘Tá’ sa bhosca dialóige a fhógraíonn duit go mb’fhéidir go gcaithfí roinnt seirbhísí a atosú le linn na cumraíochta.
- Ar an leathanach Mionathraigh Socruithe na Braisle Freastalaithe, cliceáil ar 'Ná dícheangal ón mbraisle freastalaithe seo', agus ansin cliceáil ar ‘Ar aghaidh’.
- Má bhíonn an leathanach Mionathraigh Socruithe Riarachán Gréasáin Riarachán Lárnach SharePoint le feiceáil, ná mionathraigh aon cheann de na socruithe réamhshocraithe, agus ansin cliceáil ar ‘Ar aghaidh’.
- Ar an leathanach Ag Críochnú Draoi Cumraíochta SharePoint Products and Technologies, cliceáil ar ‘Ar aghaidh’.
- Ar an leathanach Cumrathaíocht Rathúil, cliceáil ar ‘Críochnaigh’.
Treoracha úsáide:
Chun faisnéis úsáide a fháil, tabhair cuairt ar an suíomh Bain úsáid as pacáistí teanga (SharePoint Foundation 2010).
Leis an íoslódáil seo a bhaint:- Ar an roghchlár ‘Tosaigh’, dírigh ar ‘Socruithe’ agus ansin cliceáil ar ‘Painéal rialúcháin’.
- Cliceáil faoi dhó ar ‘Cuir isteach/Bain Ríomhchláir’.
- I liosta na ríomhchlár atá suiteáilte faoi láthair, roghnaigh 'Pacáiste Teanga SharePoint Foundation 2010 – [Teanga]' agus ansin cliceáil ar ‘Bain’ nó ‘Cuir isteach/Bain’. Má bhíonn bosca dialóige le feiceáil, lean na treoracha leis an ríomhchlár a bhaint.
- Cliceáil ar ‘Tá’ nó 'OK' le deimhniú gur mhaith leat an ríomhchlár a bhaint.