• By using this site you agree to the use of cookies for analytics, personalised content and ads.
Servers

Pacáiste Teanga SharePoint Server 2007

Athraigh Teanga:
Le pacáistí teanga is féidir suíomhanna agus bailiúcháin suímh Microsoft Office SharePoint a chruthú i roinnt teangacha éagsúla gan gá a bheith le suiteálacha ar leith de Microsoft Office SharePoint Server 2007.
  • Leagan:

    1

    Ainm Comhaid:

    ServerLanguagePack.exe

    Dáta Foilsithe:

    22/10/2009

    Méid an Chomhaid:

    67.6 MB

      Le pacáistí teanga is féidir suíomhanna agus bailiúcháin suímh SharePoint a chruthú i roinnt teangacha éagsúla gan gá a bheith le suiteálacha ar leith de SharePoint Server 2007. Is féidir pacáistí le teangacha éagsúla a shuiteáil ar an bhfreastalaí céanna. Ní athróidh feidhmiú Pacáiste Teanga teanga an táirge freastalaí Office SKU atá suiteáilte, ná teanga na ngnéithe riaracháin.

      Nótaí:

      • Caithfidh tú Office SharePoint Server 2007 SP2 a shuiteáil sula suiteálfaidh tú an Pacáiste Teanga seo.
      • Caithfidh tú eisiúint den Nuashonrú Carnach ó Aibreán 2009 a shuiteáil sula suiteálfaidh tú an Pacáiste Teanga seo.
      • Ní gá duit pacáiste teanga a íoslódáil don teanga a shuiteáil tú. Is chun tacú le teangacha breise a chruthú atá na pacaistí teanga seo.
      • Tá pacáistí Teanga SharePoint Server 2007 ar fáil ar an Ionad Íoslódála chun críocha trialach. Má úsáideann tú na pacáistí teanga le cóip láncheadúnaithe de SharePoint Server 2007, cinntigh le do thoil go ndéanann tú é sin laistigh de théarmaí an Chomhaontaithe Ceadúnaithe Ilsuiteálacha atá agat, de bhrí go bhféadfadh srianta a bheith i gceist — Faigh amach tuilleadh faoi chláir Ceadúnaithe Ilsuiteálacha Microsoft.
  • Córais Oibriúcháin a dTacaítear leo:

    Windows Server 2003 Service Pack 2

      • Oibríonn an íoslódáil seo leis na ríomhchláir Office seo a leanas:
        • Microsoft Office SharePoint Server 2007
    • Chun an íoslódáil seo a shuiteáil:

      Suiteáil pacáiste teanga:
      1. Íoslódáil an comhad trí chliceáil ar an gcnaipe Íoslódáil (thuas) agus sábháil an comhad ar do dhiosca crua.
      2. Rith an ServerLanguagePack.exe.
      3. Roghnaigh an ticbhosca ‘Cliceáil anseo’ chun glacadh le Téarmaí Ceadúnais Bhogearraí Microsoft, agus cliceáil ar Lean ar aghaidh má iarrtar sin ort.
      4. Ar an leathanach ‘Léigh Téarmaí Ceadúnais Bhogearraí Microsoft’, athbhreithnigh na téarmaí, roghnaigh an ticbhosca ‘Glacaim le téarmaí an chomhaontaithe seo’, agus ansin cliceáil ar Lean ar aghaidh.
      5. Ritheann an draoi suiteála agus suiteálann sé an pacáiste teanga.
      6. Athrith Draoi Cumraíochta Táirgí agus Teicneolaíochtaí SharePoint, ag úsáid na réamhshocruithe.
      Nóta: Mura ritheann tú Draoi Cumraíochta Táirgí agus Teicneolaíochtaí SharePoint tar éis duit pacáiste teanga a shuiteáil, ní shuiteálfar i gceart an pacáiste teanga.

      Athrith Draoi Cumraíochta Táirgí agus Teicneolaíochtaí SharePoint:
      1. Cliceáil ar Tosaigh, pointeáil chuig Gach Ríomhchlár, pointeáil chuig Uirlisí Riaracháin, agus ansin cliceáil ar Draoi cumraíochta SharePoint táirgí agus teicneolaíochtaí.
      2. Ar an leathanach ‘Fáilte chuig Táirgí agus Teicneolaíochtaí SharePoint’, cliceáil ar Ar aghaidh.
      3. Cliceáil ar sa bhosca dialóige a thugann rabhadh duit go mb'fhéidir go mbeadh gá roinnt seirbhísí a atosú le linn cumraíochta.
      4. Ar an leathanach ‘Mionathraigh Socruithe Braisle Freastalaithe’ cliceáil ar Ná dínasc ón mbraisle freastalaithe seo, agus ansin cliceáil ar Ar aghaidh.
      5. Má bhíonn an leathanach ‘Mionathraigh Socruithe Riaracháin Gréasáin Riarachán Lárnach SharePoint’ le feiceáil, ná mionathraigh aon cheann de na réamhshocruithe, agus ansin cliceáil ar Ar aghaidh.
      6. Ar an leathanach ‘Ag Críochnú Draoi Cumraíochta Táirgí agus Teicneolaíochtaí SharePoint’, cliceáil ar Ar aghaidh.
      7. Ar an leathanach ‘D'éirigh leis an gCumraíocht’, cliceáil ar Críochnaigh.
      Treoracha úsáide:

      Tá na teimpléid suímh atá sonrach don teanga suiteáilte sa chomhadlann \Program Files\Common Files\Microsoft Shared\web server extensions\12\template\uimhir, áit arb í an uimhir an t-aitheantóir Teanga don teanga a bhfuil tú ag suiteáil. Mar shampla, suiteálann pacáiste Béarla na SA chuig an gcomhadlann \Program Files\Common Files\Microsoft Shared\web server extensions\12\template\1033. Tar éis duit pacáiste teanga a shuiteáil, is féidir le húinéirí suímh agus le riarthóirí bailiúcháin suímh suíomhanna agus bailiúcháin suímh bunaithe ar na teimpléid suímh atá sonrach don teanga a chruthú trí theanga a shonrú nuair a chruthaíonn siad suíomh nó bailiúchán suímh SharePoint nua.

      Chun tuilleadh faisnéise úsáide a fháil, tabhair cuairt ar an suíomh Imlonnaigh Pacáistí Teanga SharePointServer 2007.

      Chun an íoslódáil seo a bhaint:
      1. Ar an roghchlár Tosaigh, pointeáil chuig Socruithe agus ansin cliceáil ar Painéal Rialúcháin.
      2. Cliceáil faoi dhó ar Cuir le/Bain Ríomhchláir.
      3. Sa liosta de ríomhchláir atá suiteáilte faoi láthair, roghnaigh Pacáiste Teanga SharePoint agus ansin cliceáil ar BainCuir le/Bain. Má bhíonn bosca dialóige le feiceáil, lean na treoracha chun an ríomhchlár a bhaint.
      4. Cliceáil ar OK lena dheimhniú go bhfuil fonn ort an ríomhchlár a bhaint.

Íoslódálacha Coitianta

Loading your results, please wait...

Nuashonrúcháin ríomhaire saor in aisce

  • Paistí slándála
  • Nuashonrúcháin bogearraí
  • Pacaí seirbhíse
  • Tiománaithe crua-earraí