Trace Id is missing

Pacáiste Comhéadan Teanga Windows 7

Cuireann Pacáiste Comhéadan Teanga (LIP) Window 7 Comhéadan Úsáideora atá logánaithe i bpáirt ar fáil de na limistéir is mó a mbaintear úsáid astu i Windows 7.

Tábhachtach! Má roghnaítear teanga thíos, athróidh sé ábhar iomlán an leathanaigh go dinimiciúil go dtí an teanga sin.

  • Leagan:

    1.0

    Dáta Foilsithe:

    23/06/2010

    Ainm an Chomhaid:

    LIP_ga-IE-32bit.mlc

    LIP_ga-IE-64bit.mlc

    Méid an Chomhaid:

    2.6 MB

    4.0 MB

    Cuireann Pacáiste Comhéadan Teanga (Language Interface Pack - LIP) Windows leagan atá aistrithe i bpáirt ar fáil de na limistéir is mó a mbaintear úsáid astu i Windows. Tar éis an LIP a shuiteáil, taispeánfar an téacs sna draoithe, boscaí dialóige, roghchláir agus topaicí 'Cabhair agus Tacaíocht' i dteanga an LIP. Beidh an téacs nach n-aistreofar i mbunteanga Windows 7. Mar shampla, má cheannaíonn tú leagan Spáinnise de Windows 7, agus má shuiteálann tú LIP Catalóinise, beidh roinnt téacs fós i Spáinnis. Is féidir leat níos mó ná LIP amháin a shuiteáil ar bhunteanga amháin. Is féidir LIPanna Windows a shuiteáil ar gach leagan de Windows 7.
  • Córais Oibriúcháin Tacaithe

    Windows 7

    • Microsoft Windows 7
    • Bunteanga riachtanach Windows 7 atá suiteáilte: Béarla
    • 4.63 Mb spás saor i gcomhair íoslódála
    • 15 Mb spás saor i gcomhair suiteála

  • RABHADH: Má tá criptiú BitLocker cumasaithe agat, cuir ar fionraí é sula suiteálann tú an LIP. Oscail an Control Panel, roghnaigh System and Security, ansin BitLocker Drive Encryption. Cliceáil ar Suspend Protection.

    De bhrí go bhfuil íoslódálacha ar leithligh ann do na leaganacha 32-giotán agus 64-giotán de Windows 7 LIP, sula dtosaíonn tú an íoslódáil, caithfidh tú fáil amach cén leagan de Windows 7 atá suiteáilte agat. Faigh amach cén leagan de Windows 7 atá suiteáilte agat:

    Cliceáil ar an gcnaipe Start ansin deaschliceáil ar Ríomhaire agus roghnaigh Properties. Feicfidh tú eolas bunúsach maidir le do ríomhaire.
    Féach sa rannán maidir leis an gCóras don chineál Córais. Tabharfaidh sé seo le fios más Córas Oibriúcháin 32-giotán nó Córas Oibriúcháin 64-giotán é do Chóras Oibriúcháin Windows 7.

    Leis an leagan 32 giotán a shuiteáil, is féidir ceann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

    1. Cliceáil ar an gcnaipe Íoslódáil, ansin cliceáil ar Open chun an LIP a shuiteáil




    2. Cliceáil ar an gcnaipe Íoslódáil
      • Cliceáil ar Save leis an gcomhad a chóipeáil ar an ríomhaire,
      • Téigh chuig an gcomhad íoslódáilte agus cliceáil faoi dhó air leis an LIP a oscailt

    Ní mór rogha 2 thuas a úsáid le haghaidh leagan 64 giotán.