Trace Id is missing

Microsoft Office ScreenTip Language

Bain úsáid as aistriúcháin leide scáileáin chun téacs eilimintí taispeána – amhail cnaipí, roghchláir agus boscaí dialóige – a thaispeáint i dteanga eile.

Tábhachtach! Má roghnaítear teanga thíos, athróidh sé ábhar iomlán an leathanaigh go dinimiciúil go dtí an teanga sin.

  • Leagan:

    1.0

    Dáta Foilsithe:

    17/05/2013

    Ainm an Chomhaid:

    screentiplanguage_ga-ie_32bit.exe

    screentiplanguage_ga-ie_64bit.exe

    Méid an Chomhaid:

    1.5 MB

    1.5 MB

    Athraigh teanga na leide scáileáin chun aistriúcháin eilimintí taispeána – amhail cnaipí, roghchláir agus boscaí dialóige – a thaispeáint i dteanga eile agus d'fhonn cabhrú le húsáideoirí chun feidhmchláir Microsoft Office atá suiteáilte i dteanga nach dtuigeann siad a nascleanúint.


    Seo roinnt samplaí úsáide:
    • Cúnamh teanga dátheangach agus ilteangach
    • Féadfaidh innealtóirí cabhrach tacaíocht a thairicint le haghaidh teangacha nach dtuigeann siad
    • Úsáideoirí a úsáideann Office go sealadach i dteanga iasachta nó ar feadh tréimhse sealadaí (Úsáideoirí fánaíochta)
    • Úsáid teanga ar PC comhroinnte
  • Córais Oibriúcháin Tacaithe

    Windows 7, Windows 8 Release Preview

    • Tacaítear leis na feidhmchláir Microsoft Office seo:
        Microsoft Office Word 2013, Microsoft Office Excel 2013, Microsoft Office Outlook 2013, Microsoft Office PowerPoint 2013, Microsoft Office OneNote 2013, Microsoft Office Visio 2013, Microsoft Office Publisher 2013
    • Na bogearraí atá riachtanach:
        D’fhéadfadh sé a bheith riachtanach comhaid tacaíochta a shuiteáil le haghaidh teangacha na hÁise Thoir agus teangacha scripte coimpléascaí. Is féidir é seo a dhéanamh trí ‘Roghanna teanga agus réigiúnda’ sa phainéal rialúcháin.
  • Leis an íoslódáil seo a shuiteáil:
    1. Cliceáil an cnaipe 'Íoslódáil' ar an leathanach seo le tosú.
    2. Déan ceann de na rudaí seo a leanas:
      • Leis an tsuiteáil a thosú láithreach, cliceáil ar 'Rith'.
      • Leis an íoslódáil a shábháil chuig do ríomhaire chun í a shuiteáil ar ball, cliceáil ar 'Sábháil'.
      • Leis an tsuiteáil a chealú, cliceáil ar 'Cealaigh'.

    Le ScreenTip Language (Teanga na leide scáileáin) a chasadh as nó a athrú:
    1. Cliceáil ar an gcnaipe 'Comhad' Office, roghnaigh 'Roghanna', roghnaigh 'Teanga' agus socraigh ScreenTip Language (Teanga na leide scáileáin) ag 'Meaitseáil leis an teanga taispeána'.

    Leis an íoslódáil seo a bhaint:
    1. Ón roghchlár 'Tosaigh', téigh chuig an bpainéal rialúcháin.
    2. Cliceáil faoi dhó ar 'Cuir isteach/Bain Ríomhchláir'.
    3. I liosta na ríomhchlár atá suiteáilte faoi láthair, roghnaigh Microsoft Office ScreenTip Language, agus ansin cliceáil ar 'Bain''Cuir isteach/Bain'. Má bhíonn bosca dialóige le feiceáil, lean na treoracha leis an ríomhchlár a bhaint.
    4. Cliceáil ar 'Is mian'OK le cinntiú gur mhaith leat an ríomhchlár a bhaint.