Trace Id is missing

Pacáistí teanga Server 2010 le haghaidh SharePoint Server 2010, Project Server 2010, Search Server 2010, agus Office Web Apps 2010.

Le pacáistí teanga féadtar suíomhanna agus bailiúcháin suíomhanna a chruthú i dteangacha éagsúla gan gá le suiteálacha ar leith de SharePoint Server 2010, Project Server 2010, Search Server 2010, agus Office Web Apps 2010.

Tábhachtach! Má roghnaítear teanga thíos, athróidh sé ábhar iomlán an leathanaigh go dinimiciúil go dtí an teanga sin.

Íoslódáil
  • Leagan:

    SP2

    Dáta Foilsithe:

    20/12/2019

    Ainm an Chomhaid:

    ServerLanguagePack_SP2_ga-ie.exe

    Méid an Chomhaid:

    60.6 MB

    Le pacáistí teanga féadtar suíomhanna agus bailiúcháin suíomhanna a chruthú i dteangacha éagsúla gan gá le suiteálacha ar leith de SharePoint Server 2010, Project Server 2010, Search Server 2010, agus Office Web Apps 2010. Féadtar ilphacáistí teanga a shuiteáil ar an bhfreastalaí céanna. Má chuirtear pacáiste teanga i bhfeidhm, ní athrófar teanga an táirge freastalaí Microsoft suiteáilte, nó teanga na ngnéithe riaracháin.

    Nótaí
    • Ní gá duit pacáiste teanga a íoslódáil le haghaidh na teanga a shuiteáil tú; is chun tacú le teangacha breise a chruthú na pacáistí teanga seo.
  • Córais Oibriúcháin Tacaithe

    Windows Server 2008 R2, Windows Server 2008 Service Pack 2, Windows Server 2012


    • Oibríonn an íoslódáil seo leis na cláir seo a leanas:

      • Microsoft SharePoint Server 2010
      • Microsoft Project Server 2010
      • Microsoft SharePoint Search Server 2010
      • Microsoft SharePoint Search Server Express 2010
      • Microsoft Office Web Apps 2010


  • Leis an íoslódáil seo a shuiteáil:

    Suiteáil pacáiste teanga:
    1. Íoslódáil an comhad trí chliceáil ar an gcnaipe ‘Íoslódáil’ (thuas) agus an comhad a shábháil ar do dhiosca crua.
    2. Rith an clár suiteála.
    3. Ar an leathanach Léigh Téarmaí Cheadúnas Bogearraí Microsoft, déan athbhreithniú ar na téarmaí, roghnaigh an ticbhosca 'Glacaim le téarmaí an chomhaontaithe seo', agus ansin cliceáil ar ‘Lean’.
    4. Ritheann an draoi suiteála agus suiteálann an pacáiste teanga.
    5. Rith Draoi Cumraíochta SharePoint Products and Technologies arís, ag baint úsáide as na socruithe réamhshocraithe.
    Tabhair faoi deara: Mura ritheann tú Draoi Cumraíochta SharePoint Products and Technologies tar éis duit pacáiste teanga a shuiteáil, ní shuiteálfar an pacáiste teanga i gceart.

    Rith Draoi Cumraíochta SharePoint Products and Technologies arís:
    1. Cliceáil ar ‘Tosaigh’, dírigh ar ‘Gach ríomhchlár’, dírigh ar 'Táirgí Microsoft SharePoint 2010', agus ansin cliceáil ar 'Draoi Cumraíochta SharePoint Products and Technologies'.
    2. Ar an leathanach Fáilte chuig SharePoint Products and Technologies, cliceáil ar ‘Ar aghaidh’.
    3. Cliceáil ar ‘Tá’ sa bhosca dialóige a fhógraíonn duit go mb’fhéidir go gcaithfí roinnt seirbhísí a atosú le linn na cumraíochta.
    4. Ar an leathanach Mionathraigh Socruithe na Braisle Freastalaithe, cliceáil ar 'Ná dícheangal ón mbraisle freastalaithe seo', agus ansin cliceáil ar ‘Ar aghaidh’.
    5. Má bhíonn an leathanach Mionathraigh Socruithe Riarachán Gréasáin Riarachán Lárnach SharePoint le feiceáil, ná mionathraigh aon cheann de na socruithe réamhshocraithe, agus ansin cliceáil ar ‘Ar aghaidh’.
    6. Ar an leathanach Ag Críochnú Draoi Cumraíochta SharePoint Products and Technologies, cliceáil ar ‘Ar aghaidh’.
    7. Ar an leathanach Cumrathaíocht Rathúil, cliceáil ar ‘Críochnaigh’.
    Treoracha úsáide:

    Chun faisnéis úsáide a fháil, tabhair cuairt ar an suíomh Gréasáin Bain úsáid as pacáistí teanga (SharePoint Server 2010).

    Leis an íoslódáil seo a bhaint:
    1. Ar an roghchlár ‘Tosaigh’, dírigh ar ‘Socruithe’ agus ansin cliceáil ar ‘Painéal rialúcháin’.
    2. Cliceáil faoi dhó ar ‘Cuir isteach/Bain Ríomhchláir’.
    3. I liosta na ríomhchlár atá suiteáilte faoi láthair, roghnaigh Pacáiste Teanga Leagan 2010 Bogearraí Freastalaí agus Office Web Apps 2010 – [Teanga] agus ansin cliceáil ar ‘Bain’‘Cuir isteach/Bain’. Má bhíonn bosca dialóige le feiceáil, lean na treoracha leis an ríomhchlár a bhaint.
    4. Cliceáil ar ‘Tá’'OK' le deimhniú gur mhaith leat an ríomhchlár a bhaint.