This is the Trace Id: 1910740028c67cbb3c54584990e05ef1

Uirlisí Profála Microsoft Office 2013 - Gaeilge

Le hUirlisí Profála Microsoft Office is féidir eagarthóireacht a dhéanamh i dteangacha breise.

Tábhachtach! Má roghnaítear teanga thíos, athróidh sé ábhar iomlán an leathanaigh go dinimiciúil go dtí an teanga sin.

  • Leagan:

    2013

    Dáta Foilsithe:

    15/03/2024

    Ainm an Chomhaid:

    proofingtools_ga-ie-x86.exe

    proofingtools_ga-ie-x64.exe

    Méid an Chomhaid:

    1.3 MB

    1.4 MB

    An bhfuil fonn ort an litriú a sheiceáil do theanga nár shuiteáil Office go huathoibríoch? Tá tú san áit cheart. Faightear tacar iomlán na n-uirlisí profála atá ar fáil do Office sa teanga seo in Uirlisí Profála Microsoft Office. Ní gá ach Office a shuiteáil agus a atosú, agus tá na huirlisí profála le haghaidh do theanga réidh.
  • Córais Oibriúcháin Tacaithe

    Windows 7, Windows 8, Windows Server 2008 R2

    Oibríonn an íoslódáil seo leis na ríomhchláir seo a leanas:
    Microsoft Office Excel 2013
    Microsoft Office OneNote 2013
    Microsoft Office Outlook 2013
    Microsoft Office PowerPoint 2013
    Microsoft Office Word 2013
  • Chun an íoslódáil seo a shuiteáil:
    Suiteáil na huirlisí profála:


    1. Íoslódáil an comhad trí chliceáil ar an gcnaipe 'Íoslódáil' (thuas) agus an comhad a shábháil chuig do dhiosca crua.
    2. Rith an ríomhchlár suiteála.
    3. Ar an leathanach Léigh Téarmaí Ceadúnais Bhogearraí Microsoft, féach ar na téarmaí, roghnaigh an ticbhosca "Cliceáil anseo chun glacadh le Téarmaí Ceadúnais Bhogearraí Microsoft", agus ansin cliceáil ar 'Lean ar aghaidh'.
    4. Ritear an draoi suiteála agus suiteálann sí na huirlisí profála.
    5. Nuair a bheidh an tsuiteáil críochnaithe, atosaigh d'fheidhmchláir Office.


    Treoracha úsáide: Ní gá ach na huirlisí profála a úsáid mar a dhéanfá de ghnáth - ba chóir go mbeifeá in ann iad a fheiceáil anois don teanga atá díreach suiteáilte agat. Mar shampla, is féidir leat do theanga profála a shocrú chuig an teanga nua chun seiceáil litrithe a úsáid (má tá fáil uirthi) - le foghlaim conas é sin a dhéanamh, féach Athraigh idir theangacha éagsúla tríd an teanga phrofála a shocrú (seans go bhfuil an téacs seo ar fáil i mBéarla).

    Chun an íoslódáil seo a bhaint:
    1. Ar an roghchlár 'Tosaigh', pointeáil ar 'Socruithe' agus ansin cliceáil ar an bPaineál Rialacháin.
    2. Cliceáil faoi dhó ar 'Cuir leis/Bain ríomhchláir'.
    3. Sa liosta de na ríomhchláir atá suiteáilte faoi láthair, roghnaigh Uirlisí Profála Microsoft Office 2013 - Gaeilge agus cliceáil ansin ar 'Díshuiteáil', 'Bain', nó 'Cuir leis/Bain'. Má thaispeántar bosca dialóige, lean na treoracha chun an ríomhchlár a bhaint.
    4. Cliceáil ar 'Tá' nó ar 'OK' le deimhniú go bhfuil fonn ort an ríomhchlár a bhaint.